Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Imirce: D’imigh sé go Albain i ndiaidh cúpla bliain fan bhaile. A chuimhne ar dhul anonn ar bhád Dhoire agus na iontaisigh móra nuair a shroich an bád Glaschú. Obair thógála a thosaigh Séan ar i dtús báire, scilling san uair a bhíodh a shaothrú aige. D’obair sé seal fosta ag baint uaigheanna. Cur síos maith ar a am ansin. | 00:14:25 | |
Chuaigh sé ar ais go Albain agus as sin go Londain. Obair gháis i Londain, ag leagain píopaí a bhí sé ag déanamh. D’oibir sé níos moille in aerfort Heathrow in 1958. Bhí dúil aige in Londain agus san oíche bhíodh sé ag déanamh seifteanna oibre sa bhreis ar bhóthar iarainn in Londain. Ón 12 san oíche go dtí an 8 ar maidin. Cur síos ar chuid den obair sin. Tharla timpiste oíche amháin do fhear as Gaillimh nuair a chuaigh traein thar a chos agus chaill sé a chos. Ní raibh cúiteamh ar bith le fáil acu. Na hÉireannaigh a rinne léir den obair sin thall in Sasana. | 00:11:54 | |
Chaith sé seal ag obair ar oileán Gheirsí - Jersey. Obair thógála a rinne sé ansin. Bhí dúil aige amuigh ar an oileán, bhí earraí breá saor agus bhí an áit suaimhneach. Bhí sé ar Ghearnsaí - Guersney agus Oilean Sark fosta. | 00:06:24 | |